53 Nuair a bhí críoch curtha ar na fáithscéalta seo ag Íosa, d'imigh sé as an áit úd,
54 agus tháinig sé go dtí a dhúiche féin gur theagasc dóibh ina sionagóg, ar chaoi a chuir iontas orthu, agus ar siadsan, Cá has a bhfuil an eagna seo agus na móroibreacha seo ag an duine seo?
55 Nach é seo mac an tsaor adhmaid? Nach Muire atá mar ainm ar a mháthair? Nach iad Séamas agus Iósaf agus Síomón agus Iúdás a dheartháireacha?
56 Agus nach mbíonn a dheirfiúracha uile linn anseo? Cá bhfuair an duine seo an méid seo uile?”
57 Agus ghlac siad scannal roimhe. Ach is é a dúirt Íosa leo, “Ní bhíonn fáidh gan onóir a bheith aige gach áit ach amháin ina dhúiche féin agus ina theach féin.”
58 Agus ní dhearna sé mórán móroibreacha ansin, as siocair a ndíchreidimhsean.