1 Ba san am úd a chuala Iorua, an rí cúige, faoin gclú a bhí ar Íosa;
2 agus ar seisean lena sheirbhísigh, “Is é sin Eoin Baiste, tá sé tógtha ó mhairbh; sin í an chúis go bhfuil na cumhachtaí seo ar obair ann.”
3 Mar is é rud, ghabh Iorua Eoin agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Heródias, banchéile a dhearthár Pilib,
4 as siocair go ndúirt Eoin leis, “Níl sé ceadmhach de réir dlí í a bheith agatsa.”