11 agus iompraíodh a cheann isteach ar thrinsiúr agus tugadh don chailín é, agus thug sise go dtí a máthair é.
12 Agus tháinig a dheisceabailsean gur thug leo an corp gur chuir san uaigh é; agus chuaigh siad gur inis d'Íosa é.
13 Anois nuair a chuala Íosa sin, chuaigh sé as sin i mbád i leataobh in áit uaigneach gan áitreabh. Ach nuair a chuala na sluaite é, lean siad é as na cathracha de shiúl cos.
14 Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé slua mór; agus ghlac sé trua dóibh, agus leigheas sé a raibh breoite acu.
15 Nuair a bhí an tráthnóna beag ann, tháinig na deisceabail chuige agus ar siadsan leis, “Áit uaigneach gan áitreabh atá anseo, agus tá sé mall sa lá cheana féin; cuir na sluaite ar shiúl go dté siad isteach sna bailte agus go gceannaí siad bia dóibh féin.”
16 Is é a dúirt Íosa, “Níl feidhm orthu imeacht; tugaigí féin bia dóibh.”
17 Ar siadsan leis, “Níl againn anseo ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.