29 “Tar”, ar seisean leis. D'éirigh Peadar mar sin amach as an mbád gur tháinig chuig Íosa agus é ag siúl an uisce;
30 ach nuair a chonaic sé an ghaoth, bhí eagla air, agus thosaigh sé ar dhul faoi agus dúirt sé in ard a chinn, “A Thiarna, tarrthaigh mé.”
31 Shín Íosa a lámh amach ar an bpointe ag breith air, agus dúirt sé leis, “A fhir an chreidimh bhig, cad chuige duit bheith in amhras?”
32 Agus nuair a chuaigh siad ar bhord an bháid, thit an ghaoth.
33 Agus thug a raibh sa bhád adhradh dó, agus iad á rá, “Is fíor gur tú Mac Dé.”
34 Nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genesaret.
35 Agus nuair a d'aithin lucht na háite cé a bhí ann, chuir siad an scéal amach ar fud an cheantair úd agus thug siad chuige a raibh breoite,