33 Agus thug a raibh sa bhád adhradh dó, agus iad á rá, “Is fíor gur tú Mac Dé.”
34 Nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genesaret.
35 Agus nuair a d'aithin lucht na háite cé a bhí ann, chuir siad an scéal amach ar fud an cheantair úd agus thug siad chuige a raibh breoite,
36 agus d'iarr siad air ligean dóibh gan ach a lámha a leagan ar fhrainse a fhallainge; agus slánaíodh ar leag lámh air.