4 as siocair go ndúirt Eoin leis, “Níl sé ceadmhach de réir dlí í a bheith agatsa.”
5 Bhí mian air é a chur chun báis, ach go raibh eagla air roimh na daoine, mar ba é an mana a bhí acu, Eoin a bheith ina fháidh.
6 Ach nuair a bhíothas ag comóradh lá breithe Iorua, rinne iníon Heródias cúrsa damhsa os comhair na cuideachta, agus thaitin sí chomh mór sin le hlorua
7 gur gheall sé agus fiú mhionnaigh sé cibé a d'iarrfadh sí a thabhairt di.
8 Thug a máthair an leid di ansin, go ndúirt sí, “Tabhair chugam anseo ceann Eoin Bhaiste ar thrinsiúr.”
9 Chuir sin brón ar an rí; ach as siocair a mhionnaí agus na cuideachta a bhí aige thug sé ordú uaidh a thabhairt di;
10 agus chuir sé teachtaire uaidh go ndearnadh Eoin a dhícheannadh sa phriosún,