1 Ba ansin a tháinig Fairiséigh agus scríobhaithe chuig Íosa as Iarúsailéim agus dúirt siad leis,
2 “Cad chuige a mbíonn do dheisceabail ag sárú nósanna na seanóirí? Mar ní níonn siad a lámha nuair a chaitheann siad bia.”
3 Is é an freagra a thug sé orthu, “Agus cad chuige a sháraíonn sibhse aithne Dé mar mhaithe le bhur nósannasa?
4 Mar is í an aithne a thug Dia uaidh, ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair,’ agus ‘An té a labhraíos an t‑olc ar a athair nó ar a mháthair, cuirtear chun báis é gan teip.’