16 Agus dúirt sé, “An bhfuil sibhse go fóill gan tuiscint freisin?
17 Nach bhfeiceann sibh, cibé ní a théas isteach ar an mbéal, go dtéann sé ar aghaidh leis go dtí an goile, agus amach sa chamra?
18 Ach an ní a thagas amach ar an mbéal is ón gcroí a thagas sé, agus salaíonn seo an duine.
19 Mar is iad a thagas as an gcroí na drochsmaointe, an dúnmharú, an t‑adhaltranas, an drúis, an ghadaíocht, an fhianaise bhréige, an t‑ithiomrá.
20 Is iadsan a shalaíos an duine; ach ní shalaíonn sé duine má chaitheann sé bia le lámha nár níodh.”
21 Agus d'imigh Íosa as an áit úd agus tharraing sé i leataobh go dúiche Thior agus Shiodóin.
22 Agus b'shiúd an bhean Chánáníteach as an dúiche úd a tháinig amach agus a ghlaoigh, “Déan trócaire orm, a Thiarna, a Mhic Dháibhí; tá deamhan dian i gcorp m'iníne.”