2 “Cad chuige a mbíonn do dheisceabail ag sárú nósanna na seanóirí? Mar ní níonn siad a lámha nuair a chaitheann siad bia.”
3 Is é an freagra a thug sé orthu, “Agus cad chuige a sháraíonn sibhse aithne Dé mar mhaithe le bhur nósannasa?
4 Mar is í an aithne a thug Dia uaidh, ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair,’ agus ‘An té a labhraíos an t‑olc ar a athair nó ar a mháthair, cuirtear chun báis é gan teip.’
5 Ach is é a bhíos á rá agaibhse, ‘Má insíonn duine dá athair nó dá mháthair, An rud a bhí agam le tabhairt duitse is tabhartas do Dhia é, níl aon fheidhm air onóir a thabhairt dá athair.’
6 Dá bhrí sin de, tá briathar Dé curtha ar ceal agaibh mar mhaithe le bhur nós úd.
7 A dhream an chrábhaidh bhréige! Nach maith a rinne Ísáia tairngreacht fúibh, nuair a dúirt sé:
8 ‘Tugann an mhuintir seo onóir dom lena mbéal,ach is fada uaim a gcroí;