23 Ach níor thug sé focal de fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail chuige agus chuir siad achainí air agus dúirt siad, “Cuir ar shiúl í, mar tá sí ag screadach inár ndiaidh.”
24 Ba é a fhreagra, “Níor cuireadh mise ach amháin chuig caoirigh sheachráin de theaghlach Iosrael.”
25 Ach tháinig sise go ndeachaigh ar a glúine roimhe, á rá, “A Thiarna, cuidigh liom.”
26 Agus d'fhreagair sé, “Ní cóir é breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chun na gcoileán.”
27 Agus ar sise, “Is fíor sin duit, a Thiarna, ach bíonn cead ag na coileáin bheith ag ithe a dtiteann de ghrabhróga ó bhord a máistir.”
28 Ba ansin a d'fhreagair Íosa í, “A bhean úd an mhórchreidimh! Bíodh agat mar atá iarrtha agat.” Agus slánaíodh a hiníon ar an toirt.
29 Agus d'fhág Íosa an áit úd agus chuaigh thart faoi bhruach Mhuir Ghalailí agus suas faoi na cnoic, gur shuigh ansin.