35 Agus d'ordaigh sé don slua suí fúthu ar an talamh,
36 agus ghlac sé na seacht mbuilín agus an t‑iasc, agus d'altaigh sé iad agus roinn sé iad agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.
37 Agus d'ith siad uile go léir a sá; agus tógadh seacht gciseán lána den fhuílleach a bhí fágtha.
38 An méid a d'ith bhí siad ceithre mhíle fear ann, gan mná ná páistí a chur san áireamh.
39 Agus nuair a bhí na sluaite scaoilte chun siúil aige, chuaigh sé ar an mbád agus d'imigh sé leis go críocha Mhagadáin.