1 Tháinig na Fairiséigh agus na Saducéigh, agus ó bhí fonn orthu féachaint a chur air, d'iarr siad air comhartha ó neamh a thaispeáint dóibh.
2 Ba é a fhreagra orthu, “Nuair a bhíos an tráthnóna ann, is é a deir sibh, ‘Beidh an aimsir maith, mar tá an spéir dearg.’
3 Agus ar maidin, ‘Beidh sé doineanta inniu, mar tá spéartha dearga bagarthacha ann’. Bíonn míniú agaibh ar chruth na spéire, ach ní féidir libh comharthaí na haoise a mhíniú.
4 Tá an drochghlúin adhaltrach ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha Ióna.” Agus thug sé a chúl leo agus d'imigh leis.
5 Nuair a shroich na deisceabail an taobh thall, bhí dearmad déanta acu ar aon arán a thabhairt leo.