14 Agus dúirt siadsan, “Deir dream gurb é Eoin Baiste é, agus an dara dream gurb é Elía é, agus dream eile gurb é Ierimía é nó fáidh de na fáithe.”
15 Ar seisean leo, “Ach cé a deir sibhse is mise?”
16 D'fhreagair Síomón Peadar, “Is tú an Críost, Mac an Dé bhí.”
17 Agus d'fhreagair Íosa é, “Is beannaithe tú, a Shíomóin Bar-Ióna! Mar ní fuil is feoil a nocht sin duit, ach m'Athair atá ar neamh.
18 Agus insím duit é, is tú Peadar, agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mise m'eaglais-se, agus ní bhuafaidh cumhachtaí an bháis uirthi.
19 Tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas, agus cibé ní a cheanglaíos tú ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé ní a scaoileas tú ar talamh scaoilfear ar neamh é.”
20 Bhagair sé go dian ansin ar na deisceabail gan a insint do dhuine ar bith gurbh é an Críost é.