17 Agus d'fhreagair Íosa é, “Is beannaithe tú, a Shíomóin Bar-Ióna! Mar ní fuil is feoil a nocht sin duit, ach m'Athair atá ar neamh.
18 Agus insím duit é, is tú Peadar, agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mise m'eaglais-se, agus ní bhuafaidh cumhachtaí an bháis uirthi.
19 Tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas, agus cibé ní a cheanglaíos tú ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé ní a scaoileas tú ar talamh scaoilfear ar neamh é.”
20 Bhagair sé go dian ansin ar na deisceabail gan a insint do dhuine ar bith gurbh é an Críost é.
21 Ón am sin amach thosaigh Íosa ar a nochtadh dá dheisceabail go gcaithfeadh sé dul go hlarúsailéim agus a liacht a bhí le fulaingt aige ó na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe, agus bheith á chur chun báis, agus bheith á thógáil an tríú lá.
22 Agus ghlac Peadar é agus thosaigh sé ar chur ina choinne, á rá leis, “Ná habair sin, a Thiarna! Ní éireoidh sin duit choíche.”
23 Agus is é rud, thiontaigh sé thart timpeall agus ar seisean le Peadar, “Gabh ar gcúl uaim, a Shátain! Tá tú i do dhris chosáin dom; mar ní thaobhaíonn tú le Dia, ach le daoine.”