25 Mar an té ar mhian leis a bheo a shábháil, caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liom gheobhaidh sé é.
26 Mar cad é an tairbhe do dhuine, an domhan uile a ghnóthú agus a bheo féin a chailleadh leis? Nó cad í an iocaíocht a thabharfaidh duine uaidh lena bheo féin a fháil ar ais?
27 Mar tá Mac an duine le teacht i nglóir a Athar, é féin agus a aingil, agus san uair úd cúiteoidh sé le gach duine a bhfuil déanta aige.
28 Deirim libh go fírinneach, tá siad ina seasamh anseo nach mblaisfidh an bás go bhfeice siad Mac an duine ag teacht i réim a ríochta.”