9 Nach dtuigeann sibh go fóill? Nach cuimhin libh cúig bhuilín na gcúig mhíle, agus cé mhéid ciseán a bhailigh sibh?
10 Nó nach cuimhin libh seacht mbuilín na gceithre mhíle, agus an méid ciseán a bhailigh sibh?
11 Cad chuige daoibh bheith chomh dall sin nach dtuigeann sibh nach ar arán a bhí mé ag caint. Seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.”
12 “Thuig siad ansin nach raibh sé ag rá leo laibhín an aráin a sheachaint, ach teagasc na bhFairiséach agus na Sadúcéach a sheachaint.
13 Anois nuair a tháinig Íosa go ceantar Chaesaría Filipí, d'fhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is Mac an duine?”
14 Agus dúirt siadsan, “Deir dream gurb é Eoin Baiste é, agus an dara dream gurb é Elía é, agus dream eile gurb é Ierimía é nó fáidh de na fáithe.”
15 Ar seisean leo, “Ach cé a deir sibhse is mise?”