1 Agus sé lá ina dhiaidh sin, ghlac Íosa leis Peadar agus Séamas agus a dheartháir Eoin, agus threoraigh iad i leataobh go mullach ardsléibhe.
2 Agus tháinig athrú crutha air os a gcomhair, agus dhealraigh a ghnúis mar an ghrian, agus d'éirigh a bhaill éadaigh chomh geal leis an solas.
3 Agus b'shiúd Maois agus Elía i dtaispeáint acu agus iad ag caint leis.
4 Agus arsa Peadar le hÍosa, “A Thiarna, is maith mar tharla dúinn bheith anseo; más é do thoil é, déanfaidh mé trí bhoth anseo, both duitse agus both do Mhaois agus both d'Elía.”