13 Ba ansin a thuig na deisceabail gur ag caint ar Eoin Baiste a bhí sé.
14 Nuair a shroich siad an slua, tháinig an fear aníos chuige go ndeachaigh ar a ghlúine roimhe go ndúirt,
15 “A Thiarna, bíodh trócaire agat ar mo mhac, mar bíonn an titimeas ag cur pianta troma air; mar is minic dó titim sa tine nó san uisce.
16 Agus thug mé chuig do dheisceabail é, ach níor fhéad siad a leigheas.”
17 Agus d'fhreagair Íosa, “A ghlúin chlaon an díchreidimh, cá fhad a bheidh mé agaibh? Cá fhad a chuirfidh mé suas libh? Tabhair anseo chugam é.”
18 Agus bhagair Íosa air, agus tháinig an deamhan amach as, agus leigheasadh an gasúr ón móimint úd.
19 Tháinig na deisceabail chuig Íosa os íseal agus d'fhiafraigh siad de, “Cad chuige nár fhéadamar é a chaitheamh amach?”