2 Agus tháinig athrú crutha air os a gcomhair, agus dhealraigh a ghnúis mar an ghrian, agus d'éirigh a bhaill éadaigh chomh geal leis an solas.
3 Agus b'shiúd Maois agus Elía i dtaispeáint acu agus iad ag caint leis.
4 Agus arsa Peadar le hÍosa, “A Thiarna, is maith mar tharla dúinn bheith anseo; más é do thoil é, déanfaidh mé trí bhoth anseo, both duitse agus both do Mhaois agus both d'Elía.”
5 Ní raibh an focal as a bhéal, nuair b'shiúd néal solasta os a gcionn, agus an glór amach as an néal a dúirt, “Is é seo mo Mhac ionúin, a bhfuil mo dhea-thoil ann; éistigí leis-sean.”
6 Nuair a chuala na deisceabail sin, shléacht siad béal fúthu ar talamh, agus líonadh d'uafás iad.
7 Ach tháinig Íosa gur leag a lámh orthu agus dúirt sé leo, “Éirígí, agus ná bíodh eagla oraibh.”
8 Agus nuair a d'fhéach siad aníos ní fhaca siad aon duine ach Íosa amháin.