5 Ní raibh an focal as a bhéal, nuair b'shiúd néal solasta os a gcionn, agus an glór amach as an néal a dúirt, “Is é seo mo Mhac ionúin, a bhfuil mo dhea-thoil ann; éistigí leis-sean.”
6 Nuair a chuala na deisceabail sin, shléacht siad béal fúthu ar talamh, agus líonadh d'uafás iad.
7 Ach tháinig Íosa gur leag a lámh orthu agus dúirt sé leo, “Éirígí, agus ná bíodh eagla oraibh.”
8 Agus nuair a d'fhéach siad aníos ní fhaca siad aon duine ach Íosa amháin.
9 Nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh, d'ordaigh Íosa dóibh, á rá, “Ná hinsígí faoin aisling do dhuine ar bith, go dtí go dtógtar Mac an duine ó mhairbh.”
10 Agus d'fhiafraigh na deisceabail de, “Más amhlaidh, cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elía teacht an chéad uair?”
11 Ba é a fhreagra, “Tagann Elía ar ndóigh, agus is é atá le gach uile ní a athchóiriú;