1 Ba san am úd a tháinig na deisceabail chuig Íosa ag fiafraí de, “Cé is mó i ríocht neimhe?”
2 Agus ghlaoigh sé leanbh chuige, agus chuir ina sheasamh ina lár é,
3 agus dúirt sé, “Deirim go fírinneach libh, mura n‑iompaíonn sibh agus mura mbíonn sibh ar chiall na bpáistí, ní rachaidh sibh choíche isteach i ríocht neimhe.
4 An té a íslíos é féin mar an leanbh seo, is é is mó céim i ríocht neimhe.