2 Agus ghlaoigh sé leanbh chuige, agus chuir ina sheasamh ina lár é,
3 agus dúirt sé, “Deirim go fírinneach libh, mura n‑iompaíonn sibh agus mura mbíonn sibh ar chiall na bpáistí, ní rachaidh sibh choíche isteach i ríocht neimhe.
4 An té a íslíos é féin mar an leanbh seo, is é is mó céim i ríocht neimhe.
5 “An té a ghlacas le haon leanbh mar seo i m'ainmse is liom a ghlacann sé;
6 ach an té a thugas ábhar peaca d'aon duine amháin den mhuintir bheag seo a chreideas ionam, b'fhearr dó cloch mhór mhuilinn á crochadh faoina mhuineál agus a bhá i nduibheagán na farraige.
7 “Is mairg don domhan faoi na cathuithe! Mar ní féidir nach dtiocfaidh na cathuithe, ach is mairg don duine a dtagann na cathuithe tríd!
8 Agus más ábhar peaca duit do lámh nó do chos, gearr díot agus caith uait í; is fearr duit dul go tír na mbeo ar leathláimh nó ar leathchois ná bheith do do chaitheamh isteach sa tine shíoraí agus dhá láimh agus dhá chois ort.