25 Agus ó nár fhéad sé a n‑íoc, d'ordaigh a thiarna go ndíoltaí é féin agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus na fiacha a íoc.
26 Mar sin thit an seirbhíseach ar a ghlúine ag cur impí air, ‘A Thiarna, bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’
27 Agus de bharr na trua a bhí aige dó scaoil tiarna an tseirbhísigh úd é agus mhaith sé na fiacha dó.
28 Ach nuair a bhí an seirbhíseach céanna ag imeacht, tharla sé ar dhuine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige air; agus rug sé ar sceadamán air agus ar seisean, ‘Íoc a bhfuil d'fhiacha agam ort’
29 Dá bhrí sin thit a chomhsheirbhíseach síos gur chuir impí air, ‘Bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán.’
30 Agus dhiúltaigh seisean é agus d'imigh leis gur chuir i bpríosún é go dtí go n‑íocfadh sé na fiacha.
31 Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh cad é a tharla, bhí aiféala mór orthu, agus chuaigh siad gur thug siad faisnéis dá dtiarna ar ar tharla.