32 Chuir a thiarna fios air ansin agus dúirt sé leis, ‘A sheirbhísigh mhallaithe! Mhaith mé na fiacha úd uile duit ar d'impí;
33 agus nárbh é do cheart trócaire a bheith agat ar do chomhsheirbhíseach, mar an trócaire a bhí agam ort?’
34 Agus le méid a fheirge thug a thiarna i lámha na séiléirí é, go n‑íocfadh sé iomlán a fhiach.
35 Is amhlaidh a dhéanfas m'Athair neamhaí libhse, mura maitheann sibh, gach duine agaibh, dá bhráthair óna chroí.”