10 Anois nuair a tháinig an chéad dream, bhí siad ag meas go bhfaigheadh siad a thuilleadh; ach fuair gach duine acu déanar freisin.
11 Agus nuair a bhí sé glactha acu chuaigh siad a chlamhsán in aghaidh cheann an tí,
12 agus dúirt siad, ‘Níl ach obair na haon uaire déanta acu seo, agus chuir tú ar aon chéim linne iad, sinne a bhfuil tromualach agus teas an lae fulaingthe againn.’
13 Ach thug sé freagra ar dhuine acu, ‘A chara, níl mé ag déanamh aon éagóra ort; nár aontaigh tú liom ar dhéanar?
14 Tóg a bhfuil ag teacht chugat agus siúil leat; thogair mé an méid céanna a bhronnadh ar an duine deiridh seo is a thug mé duitse.
15 Nach bhfuil cead agam mo rogha rud a dhéanamh leis an ní is liom? Nó an mór leat an fhéile seo agam?’
16 Mar sin beidh tús ag an bhfear deireanach, agus beidh an té a bhí ar dtús ar deireadh.”