14 Tóg a bhfuil ag teacht chugat agus siúil leat; thogair mé an méid céanna a bhronnadh ar an duine deiridh seo is a thug mé duitse.
15 Nach bhfuil cead agam mo rogha rud a dhéanamh leis an ní is liom? Nó an mór leat an fhéile seo agam?’
16 Mar sin beidh tús ag an bhfear deireanach, agus beidh an té a bhí ar dtús ar deireadh.”
17 Agus nuair a bhí Íosa ag dul suas go hlarúsailéim, thug sé an dáréag deisceabal i leataobh, agus dúirt leo ar an tslí,
18 “Féachaigí, táimid ag dul suas go hlarúsailéim; agus tabharfar Mac an duine i lámha na n‑ardsagart agus na scríobhaithe, agus tabharfaidh siad breith báis air,
19 agus tabharfaidh siad do na Gintlithe é le bheith ag magadh air agus á sciúrsáil agus á chéasadh, agus tógfar é an tríú lá.”
20 Ba ansin a tháinig máthair chlann Shebidé chuige, í féin agus a dís mhac, agus chuaigh sí ar a glúine roimhe, agus d'iarr ní air.