18 “Féachaigí, táimid ag dul suas go hlarúsailéim; agus tabharfar Mac an duine i lámha na n‑ardsagart agus na scríobhaithe, agus tabharfaidh siad breith báis air,
19 agus tabharfaidh siad do na Gintlithe é le bheith ag magadh air agus á sciúrsáil agus á chéasadh, agus tógfar é an tríú lá.”
20 Ba ansin a tháinig máthair chlann Shebidé chuige, í féin agus a dís mhac, agus chuaigh sí ar a glúine roimhe, agus d'iarr ní air.
21 Agus dúirt sé léi, “Cad é atá uait?” Agus dúirt sise leis, “Ordaigh go suífidh mo dhís mhac, duine acu ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé i do ríocht.”
22 Ach d'fhreagair Íosa, “Ní feasach daoibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libhse an cupán a ólfas mise a ól?” Ar siadsan, “Is féidir.”
23 Dúirt sé leo, “Is sibh a ólfas as mo chupán, ach suí ar mo dheas agus ar mo chlé níl sé i mo chumas a thabhairt uaim, ó tá sin i ndán don dream ar ullmhaigh m'Athair dóibh é”.
24 Agus nuair a chuala an deichniúr é, bhí fearg orthu leis an dís deartháireacha.