26 Ach ná bíodh amhlaidh agaibhse; ach an té atá le bheith maith agus mór caithfidh sé bheith ina sheirbhíseach agaibh,
27 agus an té a shantaíos an phríomháit eadraibh caithfidh sé bheith mar dhaor agaibh;
28 dála Mhac an duine nár tháinig le daoine a bheith ag freastal air ach le bheith ag freastal ar dhaoine, agus lena bheo a bhronnadh ina éiric le haghaidh mórán daoine.”
29 Nuair a d'imigh siad as Iericó, lean slua mór é.
30 Agus b'shiúd beirt dhall a bhí ina suí ar thaobh an bhóthair, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul tharstu, a ghlaoigh amach in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!”
31 Chuir an slua brothladh orthu, agus dúirt siad leo bheith ina dtost; ach ba mhóide a ghlaoigh siad os ard, “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!”
32 Agus sheas Íosa agus ghlaoigh sé orthu, ag rá leo, “Cad é atá uaibh a dhéanfas mé daoibh?”