1 Agus nuair a bhí siad ag druidim le hlarúsailéim, agus a shroich siad Bétfagé, agus Cnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh ansin,
2 agus dúirt sé leo, “Siúlaigí isteach sa bhaile beag os bhur gcomhair, agus ní fada go dtiocfaidh sibh ar asal ceangailte ann, agus searrach léi; scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad.
3 Má deir duine ar bith rud ar bith libh, déarfaidh sibh, ‘Tá feidhm ag an Tiarna leo’, agus cuirfidh sé uaidh iad gan a thuilleadh moille.”
4 Tharla seo leis an rud a bhí ráite ag an bhfáidh a chomlíonadh, is é a deir sé: