15 Ach nuair a chonaic na hardsagairt agus na scríobhaithe na hiontais a bhí á ndéanamh aige, agus na leanaí ag glaoch, “Hósanna do Mhac Dháibhí,” os ard sa teampall bhí fearg orthu;
16 agus d'fhiafraigh siad de, “An gcluineann tú cad é atá siad seo á rá?” Agus dúirt Íosa leo, “Cluinim; nár léigh sibh riamh,‘Is as béal na naíonán agus na leanaí diúila thug tú fíormholadh’?”
17 Agus d'fhág sé iad, agus shiúil sé amach as an gcathair go Bétáin gur fhan an oíche ansin.
18 Ar maidin, ar a bhealach ar áis chun na cathrach, bhí ocras air.
19 Agus chonaic sé crann fige ar thaobh an bhóthair agus chuaigh sé go dtí é, agus ní bhfuair air ach duilleoga amháin. Agus dúirt sé leis, “Nár thaga aon toradh uait arís choíche!” Agus feodh an crann fige ar an toirt.
20 Nuair a chonaic na deisceabail é rinne siad iontas de agus dúirt siad, “Cad é a thug ar an gcrann fige feo chomh tobann sin?”
21 Agus d'fhreagair Íosa iad, “Deirim go fírinneach libh, má bhíonn creideamh agaibh agus má bhíonn sibh gan drochamhras, ní dhéanfaidh sibh an ní seo amháin a rinneadh leis an gcrann fige, ach go fiú má deir sibh leis an sliabh seo, ‘Tógtar in airde thú agus caitear amach san fharraige thú,’ go ndéanfar amhlaidh.