3 Má deir duine ar bith rud ar bith libh, déarfaidh sibh, ‘Tá feidhm ag an Tiarna leo’, agus cuirfidh sé uaidh iad gan a thuilleadh moille.”
4 Tharla seo leis an rud a bhí ráite ag an bhfáidh a chomlíonadh, is é a deir sé:
5 “Inis d'iníon Shíóin,féach, tá do rí-se ag teacht chugat,go huiríseal, agus é ag marcaíocht ar asal,agus ar shearrach óg asail.”
6 Chuaigh na deisceabail agus rinne siad mar a bhí ordaithe ag Íosa dóibh;
7 thug siad leo an t‑asal agus an searrach, agus chuir siad a mbaill éadaigh orthu, agus shuigh sé orthu.
8 Leath bunús an tslua a mbaill éadaigh ar an mbóthar, agus ghearr daoine eile craobhacha as na crainn agus leath siad ar an mbóthar iad.
9 Agus na sluaite a bhí ag dul roimhe agus ag teacht ina dhiaidh, lig siad an gháir seo astu, “Hósanna do Mhac Dháibhí! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna. Hósanna in airdí na bhflaitheas.”