39 Agus rug siad air agus chaith siad amach as an bhfíonghort é, agus mharaigh siad é.
40 Nuair a thiocfas an té ar leis an fíonghort mar sin, cad é a dhéanfaidh sé leis na tionóntaí úd?”
41 Ar siadsan leis, “Cuirfidh sé na bithiúnaigh chun báis léanmhair, agus ligfidh sé an fíonghort ar chíos do thionóntaí eile a thabharfas na torthaí dó ina séasúir.”
42 Arsa Íosa leo, “Nach bhfuil léite agaibh sna scrioptúir:‘An chloch sin dar dhiúltaigh na saoirtá sí mar chloch chinn sa chúinne;is é sin an gníomh a rinne an Tiarna,agus is iontach é inár súile?’
43 Insím daoibh dá bhrí sin go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar í do náisiúin a bhéarfas na torthaí is dual di.”
45 Nuair a chuala na hardsagairt agus na Fairiséigh a fháithscéalta, thuig siad gur orthu a bhí sé ag caint.
46 Ach nuair a bhí siad ag iarraidh a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, ó ghlac siad mar fhírinne leis go raibh sé ina fháidh.