1 Agus labhair Íosa leo arís i bhfáithscéalta, agus dúirt sé,
2 “Féadtar ríocht Dé a chur i gcosúlacht le rí a rinne bainis dá mhac,
3 agus a chuir a sheirbhísigh uaidh a ghlaoch ar an lucht a fuair cuirí chun na bainise; ach níor thoiligh siad teacht.
4 Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, á rá, ‘Insígí do lucht na gcuirí, Féach, tá mo dhinnéar ullamh agam, tá mo dhaimh agus mo laonna biata maraithe agam, agus tá gach uile ní réidh ullamh; tagaigí chun na bainise.’
5 Ach rinne siad a bheag de agus d'imigh leo, duine chun a fheirme, nó duine chun a chuid earraí,
6 agus rug an chuid eile ar a sheirbhísigh, agus thug drochíde náireach dóibh agus mharaigh siad iad.
7 Bhí fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí uaidh gur scríos siad na dúnmharfóirí úd agus gur loisc siad a gcathairsean.