13 dúirt an rí ansin leis an lucht freastail, ‘Cuirigí ceangal na gcúig gcaol air, agus caithigí amach é sa dorchadas amuigh; is ansin a bheifear ag caoí agus ag díoscán fiacla.’
14 Mar is iomaí duine a fhaigheann cuireadh ach is beag duine a thoghtar.”
15 Chuaigh na Fairiséigh ansin i gcomhairle faoi conas a chuirfí in achrann é ina chaint.
16 Agus chuir siad a ndeisceabail chuige i gcuideachta lucht leanúna Iorua, á rá, “A Oide, is feasach dúinn go mbíonn tú fírinneach, agus go múineann tú slí Dé go fírinneach, agus nach mbíonn aird agat ar aon duine; mar is cuma leat faoin gcéim a bhíos ag duine.
17 Inis dúinn mar sin do bharúil. An dleathach cáin a íoc le Caesar, nó an bhfuil sé crosta orainn?”
18 Ach ó ba léir d'Íosa an mírún a bhí ina gcroíthe, dúirt sé, “Cad chuige a bhfuil sibh ag cur féachaint orm, a lucht na fimíneachta?
19 Taispeáin dom airgead na cánach.” Agus tugadh bonn airgid chuige.