29 Ach d'fhreagair Íosa iad, “Tá dul amú oraibh, ó nach eol daoibh an scrioptúr ná cumhachtaí Dé.
30 Mar san aiséirí ní bhíonn pósadh ná cleamhnas ann, ach bíonn siad mar aingil i bhflaitheas Dé.
31 Agus i dtaca le haiséirí na marbh, nár léigh sibh an ní a dúirt Dia libh,
32 ‘Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib.’? Ní Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”
33 Agus nuair a chuala an slua é, bhí iontas orthu faoina theagasc.
34 Ach nuair a chuala na Fairiséigh gur chuir sé na Sadúcéigh ina dtost, tháinig siadsan le chéile.
35 Agus d'fhiafraigh duine acu, a bhí ina dhlíodóir, ceist de, le féachaint a chur air.