32 ‘Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib.’? Ní Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”
33 Agus nuair a chuala an slua é, bhí iontas orthu faoina theagasc.
34 Ach nuair a chuala na Fairiséigh gur chuir sé na Sadúcéigh ina dtost, tháinig siadsan le chéile.
35 Agus d'fhiafraigh duine acu, a bhí ina dhlíodóir, ceist de, le féachaint a chur air.
36 “A Oide, cad í an aithne is mó sa dlí?”
37 Agus dúirt sé leis, “Gráigh do Thiarna Dia le do chroí uile agus le d'anam uile, agus le d'intinn uile.
38 Is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne.