4 Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, á rá, ‘Insígí do lucht na gcuirí, Féach, tá mo dhinnéar ullamh agam, tá mo dhaimh agus mo laonna biata maraithe agam, agus tá gach uile ní réidh ullamh; tagaigí chun na bainise.’
5 Ach rinne siad a bheag de agus d'imigh leo, duine chun a fheirme, nó duine chun a chuid earraí,
6 agus rug an chuid eile ar a sheirbhísigh, agus thug drochíde náireach dóibh agus mharaigh siad iad.
7 Bhí fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí uaidh gur scríos siad na dúnmharfóirí úd agus gur loisc siad a gcathairsean.
8 Dúirt sé ansin lena sheirbhísigh, ‘Tá an bhainis ullamh, ach níorbh fhiú an dream a fuair na cuirí í.
9 Imigí mar sin chun na mbealaí móra, agus tugaigí cuireadh chun na bainise dá dtarlaíonn oraibh.’
10 Agus chuaigh na seirbhísigh úd amach faoi na sráideanna agus bhailigh siad leo ar tharla siad orthu, idir mhaith agus olc; gur líonadh an halla ar comóradh an bhainis ann d'aíonna.