16 “Is mairg daoibh, a threoraithe na daille, a deir, ‘Má thugann duine móid ar an teampall, níl aon ní ráite aige; ach má thugann duine móid ar ór an teampaill, tá sé faoi cheangal a mhóide.
17 A amadána na daille! Cé acu is mó, an t‑ór nó an teampall a naomhaigh an t‑ór?
18 Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’.
19 A lucht na daille! Cé acu is mó, an tabhartas nó an altóir a naomhaíos an tabhartas sin?
20 Mar sin an té a thugas an altóir mar mhóid tugann sé í agus a bhfuil uirthi;
21 agus an té a thugas móid ar an teampall, tugann sé é agus an té a chónaíos ann mar mhóid;
22 agus an té a thugas móid ar neamh, tugann sé cathaoir Dé agus an té atá ina shuí uirthi mar mhóid.