18 Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’.
19 A lucht na daille! Cé acu is mó, an tabhartas nó an altóir a naomhaíos an tabhartas sin?
20 Mar sin an té a thugas an altóir mar mhóid tugann sé í agus a bhfuil uirthi;
21 agus an té a thugas móid ar an teampall, tugann sé é agus an té a chónaíos ann mar mhóid;
22 agus an té a thugas móid ar neamh, tugann sé cathaoir Dé agus an té atá ina shuí uirthi mar mhóid.
23 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh deachú den mhismín agus den lus mín agus den chuimin, agus tá neamart déanta agaibh sna nithe ar mhó a dtábhacht sa dlí, den chóir agus den trócaire agus den fhírinne; arbh é bhur gceart iad a chur i ngníomh, gan neamart a dhéanamh sa chuid eile.
24 A threoraithe na daille, a scagann amach an mhíoltóg agus a alpas síos an camall!