2 “Bíonn na scríobhaithe agus na Fairiséigh ina suí i gcomharbas Mhaois;
3 coimeádaigí agus cleachtaigí a n‑ordaíonn siad daoibh, ach ná déanaigí aithris ar a ngníomhartha; mar ní bhíonn a mbeart de réir a mbriathair.
4 Ceanglaíonn siad le chéile tromualaí do-iompair agus leagann siad ar ghuaillí daoine iad; ach ní leagfaidh siad barr méire orthu lena dtógáil.
5 Déanann siad a ngníomhartha uile ionas go bhfeice daoine iad; mar cuireann siad leithead ina bhfileactaeirí agus fad ina bhfrainsí,
6 agus bíonn dúil mhór acu sna háiteanna is onóraí ag féastaí, agus sna suíocháin is fearr sna sionagóga,
7 agus daoine ag beannú dóibh i sráideanna an mhargaidh, agus ag tabhairt rabbí orthu.
8 Ach ná glaoítear rabbí oraibhse, mar níl agaibh ach an t‑aon oide amháin, agus is bráithre sibh uile.