30 agus is é a deir sibh, ‘Dá mairimis i laethanta na n‑aithreacha, ní bheimis páirteach leo i ndoirteadh fhuil na bhfáithe.’
31 Mar sin tá sibh in bhur bhfinnéithe in bhur n‑éadan féin gur sibh clann mhac dhúnmharfóirí na bhfáithe.
32 Líonaigí go bruach, mar sin, miosúr bhur n‑aithreacha.
33 A phéisteanna, a áil nathracha nimhe, conas a éalóidh sibh ó dhaoradh chun ifrinn?
34 Dá bhrí sin de, cuirim chugaibh fáithe agus saoithe agus scríobhaithe, agus maróidh sibh agus céasfaidh sibh cuid acu, agus tá cuid acu a mbeidh sibh á sciúrsáil in bhur sionagóga agus á ngéarleanúint ó bhaile go baile,
35 ionas go dtite oraibh ar doirteadh d'fhuil fhíréanta ar an talamh, ó fhuil Abel neamhchiontaigh go dtí fuil Shecaría mhic Bharacía, ar dhúnmharaigh sibh é idir an sanctóir agus an altóir.
36 Deirim libh go fíor go dtitfidh sin uile ar an nglúin seo.