1 D'fhág Íosa an teampall agus bhí sé ag imeacht, nuair a tháinig a dheisceabail a thaispeáint fhoirgnimh an teampaill dó.
2 Ach d'fhreagair sé iad, “An é nach bhfeiceann sibh iad seo uile? Deirim go fíor libh, nach bhfágfar cloch anseo ar mhuin chloiche, nach gcaithfear anuas.”
3 Tháinig a dheisceabail chuige os íseal, agus é ina shuí ar Chnoc na nOlóg, á rá, “Inis dúinn, cá huair a tharlóidh seo, agus cad é comhartha do theachtsa a chuirfeas críoch ar an aois?”
4 Agus d'fhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tugaigí faichill nach meallann aon duine sibh.
5 Mar is iomaí duine a thiocfas i m'ainmse, agus a déarfaidh ‘Is mé an Críost,’ agus meallfaidh siad mórán.
6 Agus cluinfidh sibh faoi chogaí agus cluinfidh sibh iomráite cogaí; seachnaigí gan faitíos a bheith oraibh; mar caithfidh sin titim amach, ach níl an chríoch ann fós.
7 Mar éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin, agus éireoidh ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus creathanna talaimh ann in áiteanna éagsúla: