13 Ach an té a fhulaingeos go deireadh is é a shlánófar.
14 Agus caithfear an soiscéal seo na ríochta a chraobh scaoileadh ar fud na cruinne, mar fhianaise do na ciníocha uile; agus is ansin a thiocfas an chríoch.
15 “Nuair a fheiceann sibh mar sin an sárú scriosúil ar labhair an fáidh Daníél air, ina sheasamh sa naomháit (tuigeadh an té a léas),
16 teitheadh ansin a mbíonn in Iúdaea chun na sléibhte;
17 an té a bhíos i mullach tí ná téadh sé síos lena bhfuil ina theach a thabhairt leis;
18 agus an té atá sa ghort ná filleadh sé lena fhallaing a thógáil.
19 Agus mo bhrón iad an dream a bhíos ag iompar clainne agus ag tabhairt na cíche sna laethanta úd!