16 teitheadh ansin a mbíonn in Iúdaea chun na sléibhte;
17 an té a bhíos i mullach tí ná téadh sé síos lena bhfuil ina theach a thabhairt leis;
18 agus an té atá sa ghort ná filleadh sé lena fhallaing a thógáil.
19 Agus mo bhrón iad an dream a bhíos ag iompar clainne agus ag tabhairt na cíche sna laethanta úd!
20 Bígí ag guí nach mbeidh oraibh teitheadh sa gheimhreadh nó lá na sabóide.
21 Mar beidh anró mór ann an uair úd, nach raibh a leithéid ann ó thús na cruinne go dtí anois, agus nach mbeidh a leithéid ann arís choíche.
22 Agus murab é gur giorraíodh na laethanta úd, ní rachadh aon duine den Ádhamhchlann slán; ach giorrófar na laethanta úd mar mhaithe leis an dream tofa.