26 Mar sin, má deir siad libh, go bhfuil sé ar an bhfásach amuigh, ná himígí; nó má deir siad go bhfuil sé sna seomraí istigh, ná creidigí uathu é.
27 Ó mar a thagann an splanc thintrí anoir agus mar a shroicheann a soilse an domhan thiar, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine.
28 Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a chruinneos na hiolair.
29 “Go díreach i ndiaidh na laethanta úd na buartha tiocfaidh smúid ar an ngrian, agus ní bheidh solas á thabhairt ag an ngealach, agus titfidh na réaltaí den spéir, agus bainfear creathadh as cumhachtaí neimhe;
30 is ansin a nochtfaidh ar neamh comhartha Mhac an duine, agus beidh ciníocha na cruinne ag mairgneach, agus feicfidh siad Mac an duine ag teacht i néalta neimhe le cumhacht agus le mórghlóir;
31 agus cuirfidh sé amach uaidh a aingil le hardseinm stoic, agus cruinneoidh siad an dream atá tofa aige ó cheithre aird na gaoithe, ó cheann ceann na spéire.
32 “Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige: chomh luath agus a fhásas a chraobh bhog mhaoth agus a chuireas sé a dhuilliúr as, aithníonn sibh nach fada uaibh an samhradh.