32 “Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige: chomh luath agus a fhásas a chraobh bhog mhaoth agus a chuireas sé a dhuilliúr as, aithníonn sibh nach fada uaibh an samhradh.
33 Mar an gcéanna, nuair a fheicfeas sibh na nithe seo uile, aithneoidh sibh go bhfuil sé ag teacht i bhfogas, agus sna geataí féin.
34 Deirim go fírinneach libh, nach rachaidh an ghlúin seo as go dtarlóidh seo uile.
35 Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathrasa as.
36 “Ach níl a fhios ag aon neach i dtaobh an lae úd ná i dtaobh na huaire úd, níl a fhios ag aingil na bhflaitheas féin, ná ag an Mac, ach ag an Athair amháin.
37 Mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine.
38 Mar sna laethanta úd roimh an díle bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus ag pósadh, go dtí an lá úd a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc,