40 Beidh beirt fhear sa ghort; tógtar duine agus fágtar duine.
41 Beidh beirt bhan ag meilt na bró; tógtar bean agus fágtar an bhean eile.
42 Bígí ar bhur gcoimeád mar sin, mar ní feasach cad é an lá a thiocfas bhur dTiarna.
43 Ach bíodh a fhios seo agaibh, dá mba rud é go mbeadh fhios ag ceann urra an tí an uair den oíche a dtiocfadh an gadaí, go mbeadh sé ag coimeád, agus nach ligfeadh sé d'aon duine briseadh isteach ina theach.
44 Caithfidh sibhse bheith ullamh mar an gcéanna; mar tiocfaidh Mac an duine san am nach bhfuil coinne agaibh leis.
45 “Cé mar sin atá ina sheirbhíseach iontaofa céillí atá curtha ag a mháistir os cionn a theaghlaigh, chun go dtabharfadh sé a gcuid dóibh sa tráth is cóir?
46 Is beannaithe an seirbhíseach a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thiocfas sé.