43 Ach bíodh a fhios seo agaibh, dá mba rud é go mbeadh fhios ag ceann urra an tí an uair den oíche a dtiocfadh an gadaí, go mbeadh sé ag coimeád, agus nach ligfeadh sé d'aon duine briseadh isteach ina theach.
44 Caithfidh sibhse bheith ullamh mar an gcéanna; mar tiocfaidh Mac an duine san am nach bhfuil coinne agaibh leis.
45 “Cé mar sin atá ina sheirbhíseach iontaofa céillí atá curtha ag a mháistir os cionn a theaghlaigh, chun go dtabharfadh sé a gcuid dóibh sa tráth is cóir?
46 Is beannaithe an seirbhíseach a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thiocfas sé.
47 Deirim go fírinneach libh go gcuirfidh sé cúram a mhaoine uile air.
48 Ach má deir an cneamhaire seirbhísigh úd ina intinn féin, ‘Tá moill ar mo mháistir,’
49 agus má théann sé ag bualadh a chomhsheirbhíseach agus ag ithe agus ag ól i gcuideachta na bpótairí,