7 Mar éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin, agus éireoidh ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus creathanna talaimh ann in áiteanna éagsúla:
8 ach níl san iomlán ach tosach an anró.
9 “San uair úd beidh bior sa tine acu daoibh, agus beifear do bhur gcur chun báis; agus beidh fuath ag na ciníocha uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.
10 Agus is iomaí sin duine a shéanfas an creideamh ansin, agus a bheidh ag fealladh ar a chéile agus a mbeidh fuath acu dá chéile.
11 Agus éireoidh mórán fáithe bréige agus cuirfidh siad cluain ar mhórán.
12 Agus ó rachaidh an t‑olc i méid, fuaróidh an grá sa chuid is mó de na daoine.
13 Ach an té a fhulaingeos go deireadh is é a shlánófar.