12 Ach d'fhreagair sé, ‘I bhfírinne deirimse libh nach n‑aithním sibh.’
13 Bígí coimeádach mar sin, mar níl fios an lae ná fios na huaire agaibh.
14 “Mar beidh sé mar fhear ag dul ar aistear a ghlaoigh ar a sheirbhísigh agus a chuir cúram a mhaoine uile orthu;
15 thug sé cúig thallann do dhuine acu, agus dhá thallann do dhuine eile, agus aon tallann amháin do dhuine eile, de réir na hacmhainne a bhí ag an uile dhuine acu. D'imigh sé leis ansin.
16 Chuaigh an té a fuair na cúig thallann a dhíol agus a cheannach leo; agus ghnóthaigh sé cúig thallann eile.
17 Mar an gcéanna, an té a raibh dhá thallann aige, ghnóthaigh sé dhá thallann bhreise.
18 Ach an té nach bhfuair ach aon tallann amháin chuaigh seisean a thochailt an talaimh agus a chur i bhfolach an airgid a bhí aige óna mháistir.